An tSraith Shóisearach – Eacnamaíocht Bhaile

 

 

 

Nuacht

 

 


 

Físeán úsáideach

Tá físeán ó na 1950idí dar teideal “Why Study Home Economics?” ar fáil ar an rannán ‘Eacnamaíocht Bhaile Bheo’ den suíomh Idirlín.  D’ainneoin chomh seans is atá sé, tá go leor de na cúiseanna seo fíor fós sa lá atá inniu ann.

 

Siúcra agus inchinn an duine

Cén chaoi a mbíonn tionchar ag siúcra ar an inchinn– ceacht TED-ED atá anseo a chuidíonn le daltaí foghlaim faoin gcaoi ar féidir le deochanna lán le siúcra bheith andúil.  Fiosraítear ann chomh maith an chaoi a bpróiseálann an corp siúcra.  Féadfaidh múinteoirí agus daltaí clárú le TED-ED chun an ceacht a mhionathrú agus ceisteanna athbhreithnithe a fhreagairt.  Áirítear chomh maith ceisteanna treoraithe chun plé a thosú.

 

Tá físeán eile ina mínítear an chúis a mbíonn dúil againn i siúcra ar fáil ó Untamed Science.  Tabhair faoi deara go bhfuil an físeán seo ar YouTube.

 

Moladh: Tar éis féachaint ar na físeáin sna naisc thuas agus foghlaim faoin gcúis a mbíonn dúil againn i siúcra agus faoi na rudaí a dhéanann sé lenár gcolainn, spreag na daltaí le scrúdú a dhéanamh ar a nósanna ite siúcra féin.  Suíomh Idirlín atá lonnaithe i SAM atá in Sugar Stacks atá úsáideach le cuidiú le daoine a thuiscint cé mhéad siúcra atá sa bhia agus sna deochanna a itheann daoine. 

 

 

Ceacht Cócaireachta Beo TES le Jamie le haghaidh an Lae Réabhlóide Bia

 

Bí páirteach sa cheacht cócaireachta is mó ar domhan riamh...  Glac páirt i gCuriarracht Dhomhanda Guinness.

Is é Dé hAoine, an 16 Bealtaine, an Lá Réabhlóide Bia.  Chun an ócáid a cheiliúradh, tá ceacht cócaireachta beo á reáchtáil ag TES Connect leis an gcócaire cáiliúil, Jamie Oliver.  Féadfaidh múinteoirí as gach cearn den tír a scoil nó a rang a chlárú agus páirt a ghlacadh i gceacht cócaireachta beo TES Connect le Jamie.  Trí pháirt a ghlacadh san imeacht seo, beidh tú féin agus do rang páirteach sa cheacht cócaireachta is mó ar domhan.

 

Céard leis is ceart a bheith ag súil?

Ní theastaíonn aon áiseanna cócaireachta.  Níl uait ach spás ar do dheasc sa seomra ranga.  Lena fháil amach céard leis is ceart a bheith ag súil ar an lá, cé mhéad dalta ar féidir leo páirt a ghlacadh ann, cé na huirlisí a bheidh ag teastáil agus an liosta iomlán comhábhair, féach ar  liosta na gCeisteanna Coitianta

 

Céard is Lá Réabhlóide Bia ann?

Is é is Lá Réabhlóide Bia ann, lá gníomhaíochta domhanda chun scileanna cócaireachta a choinneáil beo, fonn a chur ar leanaí maidir le cócaireacht ón tús agus spraoi a bhaint as.