An tSraith Shinsearach – Eacnamaíocht Bhaile

Fáilte! 


 

An Nuacht is Déanaí


 

Comhdháil Eacnamaíocht Bhaile:  Eacnamaíocht Bhaile Bheo

 

Dáta

Am

Ionad

Dé Sathairn, an 25 Aibreán  2015

9.35 am - 3.30pm

Óstán Athlone Springs, Baile Átha Luain.

 
Beidh an clár ar fáil ar ball. Má bhíonn smaointe/moltaí ar bith agat, cuir ríomhphost chuig   estherherlihy@pdst.ie
 

 
Amharc ar fhíseán ó na 1950idí dar teideal “Why Study Home Economics?” ar an rannán ‘Eacnamaíocht Bhaile Bheo’ den suíomh Idirlín.
 
Faigh rochtain ar raon acmhainní a bhaineann leis an dóigh a dtéann siúcra i bhfeidhm ar inchinn an duine.  Féach ar an rannán  ‘Nuacht’  le haghaidh tuilleadh eolais.
 
Bí páirteach sa cheacht cócaireachta is mó ar domhan riamh Dé hAoine, an 16 Bealtaine.  Féach ar an rannán ‘Nuacht’ le haghaidh tuilleadh sonraí.

Clárú do Mhúinteoirí Eacnamaíocht Bhaile 

Cláraigh do chuid sonraí   le hEacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sinsearaí de chuid SFGM  ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit. Cliceáil anseo  le clárú.

 

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach  (CPD)

Cuirtear cúrsaí fómhair agus earraigh in Eacnamaíocht Bhaile ar fáil gach bliain. Féach ar an bhféilire imeachtaí i gcomhair tuilleadh sonraí.

 

I gComhair Tacaíocht Scoilbhunaithe

Féadfaidh gach scoil iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ábhar-bhunaithe. Chun tacaíocht scoilbhunaithe a fháil i gcomhair Eacnamaíocht Bhaile: Lean an nasc seo chuig ár bhfoirm ar líne.

 

I gcomhair tuilleadh Tacaíochta

Cuireann Cumann na Múinteoirí Eacnamaíocht Bhaile  (ATHE) cúrsaí forbartha gairmiúla leanúnaí, seimineáir agus comhdháil bhliantúil ar fáil freisin chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí iar-bhunscoile  Eacnamaíocht Bhaile in Éirinn.  Comhoibríonn SFGM le Cumann na Múinteoirí Eacnamaíocht Bhaile.  Téigh chuig www.athe-ireland.com i gcomhair tuilleadh faisnéise.

 

Tacaíocht SFGM:

Is í Esther Herlihy an Riarthóir agus tá sí  lonnaithe in  Ionad Oideachais na hUaimhe, Áth Luimnigh, an Uaimh, Co. na Mí. 

Seoladh ríomhphoist:   estherherlihy@pdst.ie